
Barrscéalta
RTE Ireland
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Location:
Derrybeg, Ireland
Networks:
RTE Ireland
Description:
Clár iris an Tuaiscirt. Bíonn clúdach cuimsitheach ar gach cinéal ábhar a bhaineann le pobal Dhún na nGall sa bhaile agus i gcéin ar an chlár, comh maith le scéalta as na Sé Chontae, an Cabhán agus Muineachán.
Twitter:
@RTERnaG
Language:
Irish
Contact:
Casla Conamara Co. na Gaillimhe +353 74 95 31244
Website:
http://www.rte.ie/
Email:
barrscealta@rte.ie
Episodes
Andy Caomhánach agus Micheál Ó Domhnaill.
4/16/2026
Labhair Andy inniu faoi na míreanna cartlainne atá ar fáil ar www.taisclann.ie faoi Mháire Ní Bhraonáin agus Clannad agus labhair Mícheal ar ócáid a bhéas ar siúl aige in Óstán Loch Altan i nGort a’Choirce faoi Sheanchas agus Scéalta faoi Naomh Dubhthach agus Oileán Dúiche.
Duration:00:10:55
Pobalscoil na Rosann.
4/16/2026
Labhair na múinteoirí Laura Ní Bhaoill agus Sara Ní Lochlainn agus roinnt de na haisteoirí Ellie Ní Chnáimhsí, Jack Mac Aoidh, Méabh Ní Chanainn, agus Susan Ní Dhochartaigh faoin cheoldráma úr “The School of Rock” a bheas le feiceáil ar an ardán ar an tseachtain seo chugainn.
Duration:00:14:49
An Dochtúir Teaghlaigh Tony Delap.
4/16/2026
Labhair an Dochtúir Delap faoin éileamh atá ann do chlár vacsaíne náisiúnta do dhaoine fásta agus fosta faoin imní atá ann maidir leis an easpa dul chun cinn atá déanta le suíomh a aimsiú d’aonad úr faoisimh do pháistí sa chontae.
Duration:00:05:15
Diane Nic Suibhne, Leas-Phríomhoide Choláiste Adhamhnáin.
4/16/2026
Ag cur síos ar an chruinniú a bhí ag ionadaithe ó Choláiste Adhamhnáin i Leitir Ceanainn inné leis an Aire Oideachais Hildegard Naughton, nuair a rinneadh plé ar an ghá atá ann le foirgneamh úr don scoil.
Duration:00:03:47
Máire Ní Chochláin, an t-iar-Thanáiste agus Rúnaí Chumann na bhFrosa d’Fhianna Fáil.
4/16/2026
Ag plé an míshuaimhneas atá ann taobh istigh de pháirtí Fhianna Fáil san am i láthair mar gheall ar an dóigh ar láimhseáil an rialtas an ghéarchéim bhreosla.
Duration:00:13:10
Frances Nic Géadaigh ó sheomra na nuachta.
4/16/2026
Lle scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:02:39
Barrscéalta, clár iomlán, 16/04/2026.
4/16/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:56:46
An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir ó Pháirtí Fhianna Fáil.
4/15/2026
Labhair Pat faoin vóta muiníne sa rialtas a bhí sa Dáil inné agus faoin phacáiste cúitimh atá curtha ar fáil ag an rialtas le tacú le daoine mar gheall ar luach an bhreosla.
Duration:00:05:46
Nóirín Uí Ghrádaigh, Ban Chaiftín Chumann Gailf Chloich Cheann Fhaola.
4/15/2026
Bhronn Golf Ireland gradam ar Chumann Gailf Chloich Cheann Fhaola ar na mallaibh mar gheall ar an obair mhór atá a dhéanamh acu ó thaobh na mban de agus tá Nóirín linn le labhairt faoin scéal seo agus faoi sheisiún gailf oscailte a bheas acu tráthnóna inniu dírithe ar na mná.
Duration:00:04:25
John Ó Cuireáin ó Mhuintearas.
4/15/2026
Labhair John linn faoin phost mar Oifigeach Forbartha atá a thairiscint ag an eagraíocht Muintearas san am i láthair i gcomhair le Forbairt Trí Bhaile atá lonnaithe ansin sa Ghaeltacht Láir agus a dhéanann freastal ar Bhaile na Finne, Na Dúchoraidh agus Éadan Anfaigh.
Duration:00:07:27
Denis Mac Géidigh ó Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair.
4/15/2026
Tá Denis linn ag labhairt faoi leabhrán digiteach úr atá a sheoladh amárach ar an Chlochán Liath dar teideal ‘Cúrsaí Airgid’ nó ‘Money Matters’ le cuidiú leat bainistiú a dhéanamh ar chúrsaí airgid.
Duration:00:05:40
Sinéad Ní Mhearnóg ó cheantar na Spéiríní.
4/15/2026
Labhair Sinéad ar an fhiosrúchán poiblí de chuid an Choimisiún Achomhairc Pleanála mar gheall ar mhianach óir ar Shliabh Speirín i gContae Thír Eoghain a cuireadh tús leis an tseachtain seo.
Duration:00:08:27
Caoimhe Ní Chonchille ó sheomra na Nuachta.
4/15/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:04:22
Robbie Hannan, Cumann Gailf Ard Mhic Neasca i gContae an Dúin.
4/13/2026
Bhí deireadh seachtaine ar dóigh agus stairiúil ag Rory McIlroy nuair a bhain sé Comórtas na Máistirí in Augusta don dara bhliain as a chéile.
Duration:00:04:06
Roisín Nic Ruairí, Captaen ar Fhoireann Ban Dhún na nGall, iar-chaptaen ar fhoireann iománaíochta Dhún na nGall, Colm Breathnach agus an trá
4/13/2026
D’éirigh le mná Dhún na nGall cluiche ceannais na sraithe i Roinn 2 a bhaint ag an deireadh seachtaine agus bhí an lá leis na hiománaithe fosta i gCorn Christy Ring in éadan Cill Mhantáin mar a bhí ag Ard Mhacha in éadan Thír Eoghain i réamhbhabhta Craobh Shinsir Peile Uladh.
Duration:00:13:58
Timmy Ó Baoill.
4/13/2026
Tá Timmy Ó Baoill as Dobhair i ndiaidh éirí as a chuid oibre mar Oifigeach i gceannas ar Gharda Cósta an Bhun Bhig i ndiaidh tríocha bliain de sheirbhís ar an stiúir.
Duration:00:12:40
An Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh & Joseph Mangan ón chomhlacht Mangan Tours
4/13/2026
Ní leor an laghdú deich cent an lítear ar luach peitreal agus díosal atá tugtha isteach ag an rialtas atá le teacht i bhfeidhm ag stáisiúin bhreosla amárach le dul i ngleic leis an ghéarchéim bhreosla atá sa tír san am i láthair.
Duration:00:15:19
Maighreád Uí Annluain ó sheomra na Nuachta.
4/13/2026
Le scéalta móra nuachta an lae ón taobh seo tíre.
Duration:00:05:13
Barrscéalta, clár iomlán, 14/04/2026.
4/13/2026
Clár irise á chur i láthair beo ó stiúideo na nDoirí Beaga ag Michelle Nic Grianna agus a léiriú ag Conor Ó Gallachóir.
Duration:00:56:11
Mary Aggie as an Pholl Dóite, Rann na Feirste.
4/10/2026
Mír grinn na seachtaine le Mary Aggie ag caint inniu ar an bhearradh gruaige a fuair Máire Uí Chomhaill as Ionad Naomh Pádraig Dobhair do charthanacht ag deireadh na seachtaine agus luach an bhreosla san am i láthair.
Duration:00:06:27